Back to Top

Geam Mhichil

metrax:

did you ever here anything so beautiful? i can’t tell what is echo and what is her own voice!

Nell Ní Chróinín. Enchanting voice. as gaeilge

Dia leat, a Nell. Galánta!

Baile Bhúirne

Tréimhse a chaitheas seal go h-aerach

I measc mo ghaolta go soilbhir sóil

Gan suim i gcleasaibh ná i gcúrsaí an tsaoil seo

Do chuirfeadh mintinn ar seachrán

Thugas gean is urraim dom bhaile dhúchais

Fuair cion is clú ar fud Inse Fáil

Is ní thréigfead feasta don grá ró-dhlúth san

Do Bhaile Bhúirne go bhfaighidh mé bás.

Is breá í amharc a cnoic is a sléibhte

Is a gleannta féarmhar gach maidin cheoidh

Is fuaim gach caise ag sníomh go h-éasca

Go sroisfeadh béal na mara móir

Is breá iad coillte na gcrannaibh ndíreach

Ag fás go líonmhar i measc gach gleann

Go bhfaigheann an sionnach scáth is díon ann

An druid chiardhubh an broc is an creabhar.

Tá Baile Bhúirne go fairsing fáilteach

Ag riar ar tháintibh a ghabhann an treo

Go bhfuil grá is lasair i gcroí gach éinne

Rug barr ar aon ní dá bhfacaís fós

Bíonn trial na sluaite ar an dTiobraid Naofa

Tá le cian faoi chliú is faoi ghradam mhóir

Ach impím feasta ar Ghobnait Naofa

Bheith mar dhíon is scáth againn pé áit go ngeobham.

(via gaeilge-abu)

15 notes
  1. optimisteternal reblogged this from gaeilge-abu and added:
    I love her so much!
  2. michealh reblogged this from gaeilge-abu and added:
    Dia leat, a Nell. Galánta! Baile Bhúirne Tréimhse a chaitheas seal go h-aerach I measc mo ghaolta go soilbhir sóil Gan...
  3. gaeilge-abu reblogged this from metrax
  4. dandelion-poof reblogged this from metrax
  5. revolvingdoor6 reblogged this from fuckyeahgaeilge and added:
    Is aoibhinn liom í!! Bhí a hamhrán “Cailín Gaelach” go hálainn ag Oireachtas freisin.
  6. fuckyeahgaeilge reblogged this from metrax
  7. yeooceol reblogged this from metrax
  8. metrax posted this